lecheile.eu: Is é an daonlathas a chothaíonn muid

Is pobal muid de dhaoine a chreideann sa daonlathas agus ar mian leo fíorbhrí a thabhairt dó agus na chéad toghcháin Eorpacha eile ag druidim linn. Cén fáth a bhfuil sé sin tábhachtach - agus níos tábhachtaí fós, cén fáth ar cheart go mbeadh sé tábhachtach duit?

  • Is é an daonlathas a chothaíonn muid. Tugtar síocháin, saoirse agus dea-chaighdeán na beatha do shaoránaigh na hEorpa leis. Tosaíonn sé san áit ina bhfuil tú, nuair a bheartaíonn tú rud éigin a bhfuil dúil agat ann a athrú, is cuma má tá sé beag nó mór, amhail achainí a shíniú, páirt a ghlacadh in imeacht nó do cheart vótála a fheidhmiú.
  • Ach is obair idir lámha a bhíonn i gceist i gcónaí leis an daonlathas. Is éasca an ní é dearmad a dhéanamh go mbíonn an daonlathas déanta ag daoine aonair. Dá mhéad daoine a oibríonn le chéile air seo, is ea is mó líon na ndaoine a chaitheann vóta agus dá bharr is ea is láidre a éiríonn an daonlathas. Bíonn deis feabhsaithe ann i gcónaí. Bhíodh tógáil an Aontais Eorpaigh i gcónaí ina tionscadal leantach, rud is fíor fós. Is amhlaidh don daonlathas freisin.
  • Le chéile, téimid níos faide. Is bunluach dúinn é an daonlathas Eorpach atá againn go léir beag beann ar ár gcleamhnacht pholaitiúil nó ar ár dtuairimí polaitiúla.   Bíonn sé i bhfad níos éasca tacú leis le chéile ná inár n-aonar.  Agus anois, tá na mílte daoine ag glacadh páirt linn ó thíortha ar fud an AE, ag iarraidh labhairt amach agus gníomhú lena chinntiú go n-oibrímid chun an bunluach sin, atá mar bhonn faoinár modh maireachtála san Eoraip, a neartú.
Is tionscadal arna reáchtáil ag Parlaimint na hEorpa é lecheile.eu, atá tiomanta chun a oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun bheith rannpháirteach i saol daonlathach na hEorpa, go háirithe chun an lucht vótála a mhéadú le haghaidh na dtoghchán Eorpach in 2024.

Chun é sin a bhaint amach, ceanglaíonn lecheile.eu daoine go háitiúil agus ar fud na hEorpa chun bualadh le chéile, eolas a chomhroinnt, scileanna nua a fhoghlaim agus chun ár dteachtaireacht a thabhairt chuig na pobail atá timpeall orainn. Le haghaidh na dToghchán Eorpach in 2019, thug ár bpobal níos mó ná 300,000 duine le chéile a chuir na toghcháin chun cinn go gníomhach. Sa lá atá inniu ann, is pobal beoga ceangailte atá ag fás é lecheile.eu agus táimid ag obair chun an daonlathas Eorpach a fheabhsú agus chun ár ndícheall a dhéanamh daoine eile a spreagadh vóta a chaitheamh in 2024 - dá mhéad daoine a chaitheann vóta is ea is láidre a éiríonn an daonlathas!

Cé air a bhfuil lecheile.eu dírithe?

lecheile.eu dírithe ar aon duine atá ag iarraidh seasamh ar son an daonlathais san Eoraip trí chuidiú a thabhairt maidir leis an lucht vótála a mhéadú le haghaidh na dToghchán Eorpach in 2024. Is pobal é de shaoránaigh aonair ar fud AE, ach cláraíonn cineálacha éagsúla eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó líonraí óige mar chomhpháirtithe agus mar thacaithe don chúis chéanna. Tugtar de chumhacht do gach tacaí den daonlathas Eorpach in lecheile.eu, trína ndéanamh níos láidre agus níos muiníní chun a dtuairimí a chur in iúl, a luachanna a chomhroinnt agus beart a dhéanamh, a bhuí leis an neart a bhaineann le pobal. Cuirimid fáilte roimh oibrithe deonacha d’aon aois agus ó aon chúlra chomh maith le grúpaí nó eagraíochtaí. Is cuma cá bhfuil tú, cad a dhéanann tú, na luachanna nó tuairimí atá agat, an t-aon rud atáimid ag iarraidh ná go bhfuil an tiomantas céanna agat don daonlathas mar atá againn.

Cad iad na rudaí a dhéanaimid – agus cad iad na rudaí is féidir leat a dhéanamh?

Buailfidh tú le hEorpaigh ag a bhfuil tuairimí cosúla agus déanfaidh tú cairdeas leo – agus foghlaimeoidh tú faoina smaointe agus faoina dtionscadail. Comhroinnfimid eolas agus cabhróimid leat do scileanna a fhorbairt – chun do ghuth a úsáid, do smaointe don todhchaí a chur in iúl agus plé le cinnteoirí Eorpacha. Cabhróimid leat teacht ar dhaoine, grúpaí agus eagraíochtaí a thugann aird ar na fadhbanna céanna leat. Beidh nasc uathúil agat le Parlaimint na hEorpa - agus beidh tú in ann teagmháil a dhéanamh lena foirne go léir ar fud na hEorpa. Agus ar ndóigh, ceiliúrfaimid na gnóthachtálacha a bhaineann tú amach agus a bhainimid amach le chéile.

Conas a dhéanaimid é sin?

Is é suíomh gréasáin lecheile.eu an mol lárnach le haghaidh ár ngníomhaíochtaí agus do ghníomhaíochtaí go léir a chuireann an daonlathas agus na toghcháin Eorpacha in 2024 chun cinn. Tairgtear le teachtaireachtaí rialta tríd an ríomhphost smaointe inchaingne maidir le himeachtaí is féidir leat a eagrú, bearta is féidir leat a dhéanamh agus smaointe a bheadh agat. Cuirimid na huirlisí cearta ar fáil do gach duine chun páirt a ghlacadh in imeachtaí agus chun a n-imeachtaí féin a eagrú – agus ansin chun scéalta bhur ratha a chomhroinnt leis an bpobal. Dóibh siúd atá ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh, rachaidh ár bhfoirne atá lonnaithe ar fud na hEorpa, Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa, i dteagmháil leat, agus tairgfidh siad oiliúint agus tacaíocht duit ionas gur féidir leat an éifeacht iolraithe uasta a bhaint amach.  Ar an suíomh gréasáin, beidh rochtain dhíreach agat ar fheachtas Pharlaimint na hEorpa agus ar ábhair chumarsáide le híoslódáil agus le húsáid i do ghníomhaíochtaí féin. Agus ag an am céanna, is féidir leat d’ionchur agus d’ábhar a chomhroinnt ionas gur féidir le daoine eile foghlaim uathu.

together.eu: Together for democracy

There’s something I want to tell you, it’s important.

It’s about something invisible that truly touches all our lives.

It’s all around us.

Yet quite often, we do not notice it enough.

Or only when it disappears.

When it’s too late.

It’s a very unique place.

A place where everyone is welcome.

No matter the team you support or the clothes you wear.

A place where you can speak freely without going to jail.

A place where you don’t die for a strand of hair.

A place where the future isn’t in only one man’s hands.

Where you can kiss whoever you want.

Where we can feel safe and take care of each other.

And where our kids would want to live too.

A place where we unite against adversity and decide on our future together.

It’s a precious place.

It’s called democracy.

Together, let’s keep it strong.

Join together.eu for democracy.