Cairdeas, cruinnithe agus a bheith páirteach ann: sin a méid a chiallaíonn lechéile.eu d ’Anton

Chinn mé páirt a ghlacadh in lechéile.eu toisc gur áit í inar féidir le saoránaigh fás trí pháirt a ghlacadh in institiúid nach eagraíocht ordlathach í ach ar Comhphobal í; Comhphobal ina bhfuil coincheap na hionadaíochta nasctha leis an rannpháirtíocht agus leis an díograis in ionad a bheith measctha leis an daonlathas díreach.

Agus mé rannpháirteach in lechéile.eu, chuaigh an luach daonna i bhfeidhm orm: cairdeas, teacht le chéile, líonrú, an deis chun tabhairt faoi dhúshláin nua, gealltanas pearsanta a thabhairt duit féin agus do dhaoine eile agus gan an méid sin a bheith ina chríoch ann féin, ach aiseolas praiticiúil ó na hinstitiúidí a bheith i gceist leis freisin.

Ag EYE 2021 d’éirigh liom páirt a ghlacadh ag bord oibre maidir le cearta an duine agus bhí mé in ann mo chuid tuairimí a chur in iúl i bParlaimint na hEorpa; a bhuí leis na hoifigí ionadaíochta Eorpacha sna Ballstáit bhí mé féin agus daoine óga eile in ann dul chuig scoileanna agus cúrsa faoi oideachas sibhialta Eorpach a thabhairt do na daltaí.

Is ionann an tsaoirse agus an rannpháirtíocht.

Is ionann an tsaoirse agus an rannpháirtíocht.