Time to connect!

Glac páirt in imeacht, cuir aithne ar dhaoine nua agus tabhair cuairt ar Pharliamint na hEorpa i Strasbourg

‘Bhí mé ag iarraidh bheith i mo shaorálaí le lechéile.eu toisc go raibh mé ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin na hinstitiúidí Eorpacha agus a bheith ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú i bParlaimint na hEorpa. Bhraith mé nach raibh go leor ar eolas agam maidir le feidhmiú Pharlaimint na hEorpa agus nach raibh a fhios agam cén feidhmeanna go díreach a bhí ag na Feisirí. 

Mar chuid de lechéile.eu, áfach, ghlac mé páirt i roinnt imeachtaí, chuir mé aithne ar dhaoine ó gach cearn den Eoraip agus d’éirigh liom cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Bhí deis agam labhairt agus plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha le Feisirí Pharlaimint na hEorpa ó roinnt tíortha, lena n-áirítear feisirí ón bPortaingéil, gníomhaithe ar son cúiseanna éagsúla agus Eorpaigh óga cosúil liomsa.


Trí lechéile, thaistil mé chuig Parlaimint na hEorpa, chonaic mé féin an bealach ina bhfeidhmíonn sí agus shuigh mé i gcathaoir an Fheisire Pedro Marques. Bhí sé de phléisiúr agam todhchaí na hEorpa agus ról na ndaoine óga a phlé le Jaume Duch, Ard-Stiúrthóir na Cumarsáide ag Parlaimint na hEorpa.


Molaim do gach duine clárú le lechéile.eu!

Dinis