Tiomantas Natasha an scéal a scaipeadh faoi na hinstitiúidí Eorpacha agus a gcuid oibre

Tá mé rannpháirteach sa ghréasán lechéile.eu ó ghlac mé páirt san fheachtas #Anuairseobeidhmeagvotail. 

D’eascair mo chuid gníomhaíochais ar son na hEorpa as an ngá le feasacht a ardú faoi na hinstitiúidí Eorpacha agus Oifigí Pharlaimint na hEorpa san Iodáil agus faoin gcaoi a n-oibríonn siad. Le blianta beaga anuas, ghlac mé páirt in imeachtaí éagsúla díospóireachta agus d’eagraigh mé imeachtaí díospóireachta freisin. As measc na n-imeachtaí suntasacha sin, bhí an deis agam plé a dhéanamh le Feisirí agus le stiúrthóirí Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le haithne a chur ar Eorpaigh óga phaiseanta cosúil liom féin.