Bí i do shaorálaí Eorpach! Glac páirt ann! Is leatsa an todhchaí!

Is í an Eoraip mo bhaile. Is í Parlaimint na hEorpa an dara baile atá agam ó thosaigh mé ag obair mar shaorálaí le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sa Rómáin dhá bhliain ó shin. 

Oana

In 2019, sa tréimhse roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, chinn mé gur theastaigh uaim níos mó don Rómáin, ón Eoraip agus uaim féin! In ainneoin cúlra láidir meán agus gairm sa teilifís ó bhí mé cúig bliana d’aois, creidim gurb é an dúshlán gairmiúil is mó a d’fhéadfadh a bheith romhat ná nuair a chinneann tú a bheith i do shaorálaí Eorpach, agus leis sin an teachtaireacht maidir leis an daonlathas, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saincheisteanna trasteorann, an t-athrú aeráide, comhionannas agus cuimsitheacht, digiteáil, imirce agus tearmann, sláinte, etc a chur chun cinn. Tá na saincheisteanna sin uile ar chlár oibre Pharlaimint na hEorpa faoi láthair agus tá siad ar chlár na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa freisin. Sin an méid a d’fhoghlaim mé ó mo chruinnithe le Roberta Metsola, Katarina Barley, Guy Verhofstadt, Manfred Weber agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Chun bheith rannpháirteach sna himeachtaí sin, ní mór dúinn teacht amach as ár ndomhan féin agus iarraidh a bheith páirteach. Tá na hinstitiúidí Eorpacha lánoscailte agus tá ceannairí polaitiúla chomh trédhearcach céanna agus lánoscailte don idirphlé. Mar sin, roghnaigh a bheith páirteach don EORAIP! Is leatsa an todhchaí!