Ba chóir suíochán ag an mbord a thabhairt do dhaoine óga

Mar Eorpach óg agus mar oibrí don aos óg, mothaím freagrach as todhchaí na hEorpa. Creidim go daingean, má dhéantar daoine óga a chumasú leis na meonta, an t-eolas agus na scileanna chun páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht, cuirfear le hinbhuanaitheacht ár ndaonlathas agus le cothú braistinte coitinne féiniúlachta. Is é sin an fáth ar ghlac mé páirt in lechéile.eu, chun saoránacht ghníomhach a spreagadh agus chun bheith mar chuid de chomhphobal atá bunaithe ar luachanna comhroinnte agus ar thiomantas frithpháirteach chun an tionscadal Eorpach a chur chun cinn.

Ós rud é go bhfuilim tiomanta d’athrú a dhéanamh, go háirithe trí chumhachtú an aosa óig, táim ag iarraidh na bealaí cumarsáide idir daoine óga agus cinnteoirí a neartú. Is minic a bhainimid úsáid as an gclísé gurb ionann an t-aos óg agus an todhchaí, ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh den fhíordheis a thabhairt dóibh a nguthanna a chur in iúl, agus suíochán ag an mbord a thabhairt dóibh, sa lá atá inniu ann. Táim ag súil go mór go mbeidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus Bliain Eorpach na hÓige ina gcéim chun tosaigh chun tionscnóirí a dhéanamh de dhaoine óga maidir le AE a bheidh níos inbhuanaithe, níos córa agus níos daonlathaí.

Réka, Hungary