Is iad seo ár scéalta
Ar fud na hEorpa, tá baill dár bpobal lecheile.eu ag déanamh a gcion agus ag gníomhú trí bheith rannpháirteach agus trí ócáidí agus gníomhaíochtaí a eagrú. Tá a gcuid ráite ag cuid acu faoi thodhchaí na hEorpa, agus tá scileanna nua foghlamtha ag cuid eile. Tá tionchar imeartha acu de bharr a dtaithí, agus chuaigh a gcuid taithí i bhfeidhm orthu. Faigh amach faoina scéalta.
9 léirmheas as 32 léirmheas á léiriú
Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:AN OSTAIR – Dave
Mhúnlaigh an tAontas Eorpach mé. Rugadh san Ísiltír mé, d’fhás mé aníos san Ostair agus ghlac mé páirt sa chlár malartaithe Erasmus+ sa Liotuáin. Uime sin, is maith is eol dom a dhearfaí atá an comhoibriú i measc náisiúin éagsúla.
Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:MÁLTA – Cherise agus David
Is mise Cherise, Tá post an Leas-Uachtaráin agam faoi láthair, agus tá mo chomhghleacaí David ina Stiúrthóir um Rannpháirtíocht Shibhialta ag Comhairle Náisiúnta na nÓg i Málta.
Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:CROATIA – Nino
Is freagracht é a bheith i do shaoránach Eorpach. Measaim go bhfuil an fhéiniúlacht Eorpach mar chuid de m’fhéiniúlacht féin, agus mar sin, braithim go bhfuil sé de fhreagracht orm é a chothú agus gníomhú dá réir sin.
Saorálaí lecheile.eu den scoth:AN PHORTAINGÉIL – João
Bhí sé de phribhléid agam roimhe seo páirt a ghlacadh i dtionscadail AE, agus mhothaigh mé gur mór an phribhléid dom é dá bharr. Ar an gcúis sin, spreagadh mé chun an phribhléid seo a roinnt le daoine eile agus ba é lecheile.eu an bealach is fearr chun é a dhéanamh, rud a chiallaíonn domsa a bheith ar an eolas faoi na hinstitiúidí Eorpacha agus a bheith mar chuid díobh.
Top together.eu change-maker story:
SLOVAKIA – Dominik
Dominik is ainm dom agus táim 23 bliana d’aois. Tá Léann Eorpach agus Caidreamh Idirnáisiúnta á staidéar agam ag Dámh na nEolaíochtaí Sóisialta agus Eacnamaíocha ag Ollscoil Comenius sa Bhratasláiv. Nuair a bhíonn am saor agam, déanaim obair dheonach ar son Oifig Pharlaimint na hEorpa sa tSlóvaic agus oibrím ag Institiúid na hEorpa Láir den chuid is mó.
Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:MAIDRID - Alejandra
Measaim gur pribhléid mhór é seasamh le luachanna na hEorpa agus iad a chur chun cinn. Ar an gcúis sin, bainim leas i gcónaí as na bealaí le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach a chuireann Parlaimint na hEorpa ar fáil.
Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:MADRID – Elena
Ba mhac léinn leighis mé nuair a thosaigh mé ag tabhairt aird ar choincheap an ‘Aontais Eorpaigh’ den chéad uair. Chonaic mé plaic bheag (beagnach doléite) in ospidéal a léigh, ‘comhchistithe ag an Aontas Eorpach’. Ba chúis uafáis dom a laghad eolais a bhí agam ar an Aontas Eorpach. Tháinig imní de bheagán orm, mura raibh a fhios agam, mac léinn ollscoile a bhfuil na gráid is airde aici, faoi na hinstitiúidí agus faoin gcaoi a raibh tionchar ag na cinntí a rinneadh sa Pharlaimint ar mo shaol laethúil, gur dócha go mbeadh níos lú eolais ag saoránach nach bhfuil chomh pribhléideach céanna (gan rochtain ar ollscoil) fiú. Ar an drochuair, ní raibh mé mícheart.
Mórshaorálaí de chuid lecheile.eu: AN RÓMÁIN – Gabriel
An rud a thug spreagadh dom a bheith i mo bhall den phobal ná an rannpháirtíocht a bhí agam i dtionscadail éagsúla de chuid Erasmus.
Scéalta cheannródaithe lecheile.eu: LUCSAMBURG – Taguhi
In 2023, thosaigh mé ar m'aistear le lecheile.eu, in éineacht leis an eagraíocht ina n-oibrím, darb ainm Formation et Sensibilisation Luxembourg – FSL.