Chuir lecheile.eu ar mo chumas páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta amhail an Cruinniú Eorpach um an Óige 2023, imeachtaí inar tháinig daoine óga ó thíortha éagsúla le chéile chun plé oscailte a dhéanamh ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i dtimpeallacht atá saor agus tacúil. Tríd an taithí atá agam le lechéile.eu, bhí mé in ann mo phaisean don chomhcheangailteacht shóisialta a dhíriú ar ghníomhaíochtaí nithiúla a chuireann le hathrú dearfach.
Is rannpháirtí tuisceanach gníomhach mé. Ní duine mé a sheasann siar agus a sheachnaíonn lár an aonaigh. Téann dúshláin an lae inniu thar theorainneacha náisiúnta, rud a éilíonn iarracht chomhoibríoch dhomhanda chun teacht ar réitigh éifeachtacha.
Thairis sin, a bhuí le lecheile.eu, táim in ann mo phaisean a chur i ngníomh chun na spriocanna atá agam ó thaobh Aontas Eorpach comhchuibhithe de a bhaint amach, agus mé ag foghlaim agus ag glacadh páirt ghníomhach i dtionscadal polaitiúil níos mó ag an am céanna. #ÚsáidDoVóta le linn thoghcháin Eorpacha 2024!