Together For Democracy

Together.eu for democracy Together for Democracy

Pobal bríomhar atá i lecheile.eu de dhaoine a chreideann i gcumhacht an daonlathais. Déan ceangal le daoine a bhfuil na dearcthaí céanna acu agus atá agat féin ó gach cúinne den Eoraip agus roinn eolas, foghlaim scileanna nua agus tabhair spreagadh do dhaoine eile páirt a ghlacadh i ndaonlathas Eorpach. Sínigh suas anois le bheith páirteach!

 lecheile.eu: Lecheile Ar Son An Daonlathais

 “Tá rud éigin (ba) gur mhaith liom a insint duit, tá sé tábhachtach

Baineann sé le rud éigin dofheicthe a théann i gcion go orainn ar fad inár saol féin

Tá sé i ngach áit, thart orainn.

Fós féin is minic nach dtugaimid faoi ndeara é

 Nó ní thugaimid faoi deara é go dtí go mbíonn sé imithe uainn

 Nuair a bhíonn sé rómhall

 Áit ar leith atá ann

 Áit ina bhfuil fáilte roimh gach duine

 Is cuma cén fhoireann lena dtacaíonn thú  Nó cén cineál éadaí a chaitheann tú

Áit inar féidir leat labhairt go saor gan a bheith i mbaol téarma príosúnachta

Áit nach bhfaighidh tú bás ann ar mhaithe le ribe gruaige

Áit nach bhfuil an todhchaí i lámha (aon) duine amháin

 Áit inar féidir leat póg a thabhairt do (cibé) pé duine is mian leat

Áit inar féidir linn a bheith sábháilte agus aire a thabhairt dá chéile

Agus áit ina mbeadh ár gcuid páistí ag iarraidh a bheith ina gcónaí ann freisin

Áit ina mairimid ar scáth a chéile i gcoinne cora crua an tsaoil Agus cinneadh a dhéanamh ar ár dtodhchaí le chéile.

Is áit ar leith atá ann,

 ar a dtugtar an daonlathas,

 Le chéile, coinnímis láidir í

 Téimis i gcomhar lechéile.eu le haghaidh an daonlathais

Imeachtaí atá ag tarlú gar duitse

Faigh amach faoi na himeachtaí is déanaí atá á n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an bpobal lechéile.eu - ar líne agus ar fud na hEorpa.

Léirmheasanna